Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profileg
Meon Eile

@MeonEile

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin.

ID:617370003

linkhttp://www.meoneile.ie calendar_today24-06-2012 17:03:33

4,6K Tweets

5,1K Followers

1,9K Following

Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Ghlac Lá Spraoi na Gaeilge seilbh ar lár an bhaile i Leitir Ceanainn i mbliana. Is í seo an tríú bliain as a chéile don fhéile a bhí ar siúl i nGaillimh anuraidh agus i gCorcaigh arú anuraidh.🕺🎨🤡🎶
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/la-sprao…
Líonra Leitir Ceanainn Glór na nGael Teanga Tí

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Tá TG4 Foghlaim, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Scáileán Thuaisceart Éireann, i ndiaidh acmhainn dhigiteach foghlama 25 clár a lainseáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí 🗣️✏️📚
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/oideachas/duil…
TG4 TG4Foghlaim Northern Ireland Screen Macha Media

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

D’oscail GaelChúrsaí salón gruaige agus áilleachta ar na mallaibh ar a shuíomh ar Bhóthar na bhFal in Iarthar Bhéal Feirste. Is acadamh oiliúna é GaelChúrsaí a dhíríonn go príomha ar scoláirí i mBliain 13 agus 14. 💆‍♀️💇‍♀️💅💄

Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

'Bearna idir pá na mban agus pá na bhfear' le Katie McGreal
'Tá a fhios agam le blianta fada go bhfuil bearna idir pá na mban agus pá na bhfear. Go minic, mar chosaint ar an mbearna sin, deirtear nach mbíonn mná ag lorg pá níos airde...'
Alt iomlán thíos👇
meoneile.ie/anailis/bearna…

'Bearna idir pá na mban agus pá na bhfear' le Katie McGreal 'Tá a fhios agam le blianta fada go bhfuil bearna idir pá na mban agus pá na bhfear. Go minic, mar chosaint ar an mbearna sin, deirtear nach mbíonn mná ag lorg pá níos airde...' Alt iomlán thíos👇 meoneile.ie/anailis/bearna…
account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

D'eagraigh Líonra Leitir Ceanainn an fhéile An Focal Beo le déanaí i spásanna éagsúla ar fud an bhaile. Is féile deich lá í An Focal Beo agus is é príomhsprioc na féile ná an Ghaeilge a scaipeadh trí imeachtaí spraíúla🎻🤾‍♂️📚
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/feile-an…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Ag tógáil ar rath na bliana seo caite, bhí Mórshiúl Fhéile na gCloigíní Gorma ann don dara huair i mbliana mar cheiliúradh ar an phobal áitiúil agus chun an Fhéile a sheoladh. ⛰️🍃
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/morshiui…
Glór na Móna Féile na gCloigíní Gorma

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Bheartaighmúinteoirí agus scoláirí i gColáiste Mhíchíl in Inis Ceithleann scéim charthanachta ar na mallaibh chun geansaithe peile a chur chun na hAfraice.🇰🇪🏐👕

Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/oideachas/cola…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Sheol Conradh na Gaeilge ⭕️ a gclár nua 'Céad Míle Fáilte'. Tá an tionscadal dírithe ar theifigh, ar lucht iarrtha tearmainn agus ar inimircigh chun Gaeilge a mhúineadh dóibh🌍
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/cead-mil…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

‘Is ionann muid agus an nádúr, dá n-éistfeadh muid leis níos mó bheadh an saol níos éasca’ le Katie McGreal 🌿🌱🌼

Alt iomlán thíos👇:
meoneile.ie/anailis/is-ion…

‘Is ionann muid agus an nádúr, dá n-éistfeadh muid leis níos mó bheadh an saol níos éasca’ le Katie McGreal 🌿🌱🌼 Alt iomlán thíos👇: meoneile.ie/anailis/is-ion…
account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Bhí lúcháir mhór ar scoilphobal Bhunscoil Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh nuair a bronnadh 10 fidil orthu. Kieron Murray Jewellers a thug na huirlisí don scoil.🎻🎶

Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Bhí ceardlann ar siúl ag Máire Zepf i Leabharlann Leitir Ceanainn, áit ar léigh Máire ón leabhar is úire ina sraith Rita, Rita agus an Dineasár. D'imir na páistí cluichí agus dhear siad a gcuid créatúir féin📖🦕✍️ Líonra Leitir Ceanainn
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Tá Gaelscoil Phádraig Naofa ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana. 🎉🧡🤍🎉
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/oideachas/gael…
Gaelphobal Ard Mhacha Theas

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

'Baol dár saoirse, dár bhféiniúlacht, dár ndaonlathas, dár sábháilteacht' le Lisa Nic An Bhreithimh🇵🇸🏳️‍🌈🇮🇪🏳️‍⚧️ she/her
'Ar an 30 Márta i gCluain Dolcáin, dhúnmharaigh beirt déagóirí fear Crótach 31 bliain d’aois, Josip Strok, as a theanga féin a labhairt...'
Alt iomlán thíos👇
meoneile.ie/anailis/baol-d…

'Baol dár saoirse, dár bhféiniúlacht, dár ndaonlathas, dár sábháilteacht' le @LisaNicAnB 'Ar an 30 Márta i gCluain Dolcáin, dhúnmharaigh beirt déagóirí fear Crótach 31 bliain d’aois, Josip Strok, as a theanga féin a labhairt...' Alt iomlán thíos👇 meoneile.ie/anailis/baol-d…
account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Cuir Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain taispeántas speisialta i láthair ar na mallaibh le léiriú drámata den leabhar nua ‘Sweeney: An Intertonguing’ le Rody Gorman📖🎶
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Chuaigh Gaelscoil Bharra ar thuras ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste le déanaí agus chaith siad an lá le GaelscoilnaMona 🎒👩‍🎓🚍
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/gaelscoi…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Reáchtáladh an chéad oíche scéalaíochta i dTigh Mhadáin i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh.📚✍🏻📝

Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Chruinnigh daltaí scoile as gach cearn de Chúige Uladh in Aonach Mhacha ar na mallaibh do Chraobh Abair 2024. Bhí scoth na cainte poiblí le cluinstin i gCathair Ard Mhacha. 🗣️
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/craobh-a…
Gael Linn Aonach Mhacha

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

'Ní mórán iontais é, faraor, nach gcuireann muid fáilte roimh theifigh' le Le Katie McGreal
'Cuireann sé iontas agus brón orm nuair a chloisim faoi agóidí i gcoinne ionad soláthar díreach nó faoi ionsaithe ar dhaoine...'
Alt iomlán thíos👇
meoneile.ie/anailis/ni-mor…

'Ní mórán iontais é, faraor, nach gcuireann muid fáilte roimh theifigh' le Le Katie McGreal 'Cuireann sé iontas agus brón orm nuair a chloisim faoi agóidí i gcoinne ionad soláthar díreach nó faoi ionsaithe ar dhaoine...' Alt iomlán thíos👇 meoneile.ie/anailis/ni-mor…
account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Gach oíche Déardaoin ag 19:00 in Áras Mhic Reachtain, tagann 'Na Béil Bhinne' le chéile, cór Gaelach a dhíríonn ar an chomhcheol go háirithe. 🎶🎤

Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/cultur-agus-ea…

account_circle
Meon Eile(@MeonEile) 's Twitter Profile Photo

Thug Meon Eile cuairt ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste, áit a raibh slua mór bailithe le coinnle ina lámha acu chun dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín a léiriú🇵🇸🕯️🇮🇪 Gaels
Scéal iomlán thíos👇
meoneile.ie/pobal/bigil-mh…

account_circle