NÓS(@nosmag) 's Twitter Profileg
NÓS

@nosmag

Déan. Bris. Léigh. | Iris Chultúir

ID:23947944

linkhttps://linktr.ee/nosmag calendar_today12-03-2009 13:41:40

15,0K Tweets

9,8K Followers

1,2K Following

NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Léiríonn taighde úr a rinneadh ar nósanna airgid daoine óga na hÉireann go bhfuil TikTok ar na háiseanna is mó úsáid chun foghlaim faoi chúrsaí airgid i measc an aosa óig.

Léigh thíos👇

nos.ie/saol/tiktok-ar…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

An bhfágfaimid an stádas caidrimh Facebook inár ndiaidh? An bhfuil an Fáinne Cladaigh anois ar an mhodh is fearr caidrimh rómánsúla a fhógairt nó an raibh sé riamh?

Léigh tuairim Órla Casserly thíos👇

nos.ie/saol/stil/fain…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Seoladh an chéad chlár de chuid 30 S.O.S inniu, sraith podchraoltaí curtha i láthair ag Caoimhe Ní Chathail a bhreathnaíonn ar chúrsaí gairme, cleamhnas, airgead agus roinnt eile a bhaineann leis na tríochaidí.

Léigh thíos👇

nos.ie/meain/leirionn…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún aréir a thacaíonn le comharthaíocht dhátheangach sa mhol iompair nua Cros na bhFíodóirí. Cuimseofar an láthair shóisialta a thógfar ar Shráid Durham faoin rún fosta.

Léigh thíos!

nos.ie/gniomhaiochas/…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Tá Aodhán Ó Baoill ag déanamh taiscéalaíocht ar Cheanada in RV millteanach mór lena theaghlach. Le sneachta úr ar na sléibhte, bhuail siad an bóthar sa tóir ar fhoinsí teo Banff.

Léigh faoin chéad chuid dá thuras thíos.

nos.ie/taisteal/cunta…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

“Ná cuireadh a chuma óigeanta an dubh ina bhán ort, ní haon nuatheachtaí é Declan McKenna.”

— a scríobhann Tomaí Ó hAodha ar cheolchoirm Declan McKenna i mBéal Feirste oíche Luan Cásca.

Léigh thíos👇🏻

nos.ie/cultur/ceol/le…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Bhailigh Ben Ó Faoláin cuid de na halbaim is fearr a eisíodh (nó a atheisíodh) i mí an Mhárta. Idir P-Funk, Motown, agus “fíor-rapcheol”, tá seánra do gach duine ar an liosta seo.

Léigh thíos.

nos.ie/cultur/ceol/al…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

🎵Tá scoth na n-amhrán ó mhí an Mhárta curtha le seinnliosta Spotify NÓS ag Ben Ó Faoláin🎵

Éist thíos!

nos.ie/cultur/ceol/ri…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Éiríonn achan duine dúdóite nuair a stopann siad in aon áit amháin. An leigheas air? BOG - ní crann thú.

Léigh Comhairle Carad na seachtaine seo thíos.

nos.ie/saol/slainte/c…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Beidh bua an cheoil le cloisteáil ag an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach ar feadh cúig lá. Déanfaidh an fhéile ceiliúradh ar na teangacha Ceilteacha tríd an amhránaíocht agus spraoi.

Léigh thíos.

nos.ie/cultur/ceol/an…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

🥚Beannachtaí na Cásca oraibh ó gach duine ag NÓS🐣

Léigh faoi chuid de na deasghnátha a bhíodh ag na Gaeil um Cháisc sna laethanta fadó.

Léigh thíos.

nos.ie/cultur/deasghn…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Maíonn Séamas Mac Eochaidh gur cheart foirne sacair na hÉireann a chur chun cinn agus na rudaí is féidir a bhaint amach - a bhaint amach! Cén dóigh? Margaíocht, scéalaíocht…agus cur i gcéill.

Léigh thíos.

nos.ie/saol/sport/an-…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Tharraing Kim Kardashian clú ar an ‘chóireáil aghaidhe vaimpíre’ in 2013. Tá an chóireáil anois á húsáid le haghaidh daitheacha sna hailt agus aicne. Chuaigh Amy Ní Riada i mbun taighde ar an chóireáil a bhaineann feidhm as fuil.

Léigh thíos!

nos.ie/saol/slainte/c…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Deir Kathryn go bhfuil ocht gcuireadh bainise faighte aici i mbliana! Ní hise amháin atá ag smaoineamh ar na costais a bhaineann le bainis, óir is sin ábhar cholún na seachtaine seo.

nos.ie/saol/slainte/c…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Tá ranganna Gaeilge á soláthar ag an ionad ealaíon, Celtic Junction i gcomhpháirt le Gael Linn in Minnesota ó Eanáir 2023. Seo chugaibh blaiseadh den Ghaeilge atá foghlamtha ag úsáideoirí an ionaid le bliain anuas.

nos.ie/gniomhaiochas/…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Foilsíodh taighde le hOllscoil Luimnigh le déanaí ar bhuntáistí na bhfíschluichí ó thaobh na hairde agus na cuimhne de. An raibh an ceart ag tuismitheoirí an t-am ar fad nó an gcruthaíonn an taighde seo go bhfuil níos mó maitheasa ná olcas i gceist leo?

nos.ie/teic/ar-inis-a…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Beidh lá spraoi saor in aisce ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Cháisc. Is togra é de chuid Comhairle Contae Dún Laoghaire-Ráth an Dúin.

nos.ie/saol/tir-na-ni…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Léireofar gearrscannán Róise Nic an Bheatha, Le Chèile, ag an Toronto Irish Film Festival Dé Domhnaigh. Glacann Daibhidh Moireasdan & Sean McConville róil na bpríomhcharachtar sa ghearrscannán seo, a bhaineann úsáid as an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban.

nos.ie/cultur/scannai…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

Tá níos mó ná coicís anois caite ag léiriú de chuid Conor Hanratty, Na Peirsigh, in Amharclann na Mainistreach.

Chuaigh Máirín Nic Eoin chun an dráma ilghnéitheach a fheiceáil agus, dar léi, is fiú go mór ticéad a cheannach roimh an 6 Aibreán.

nos.ie/cultur/ardan/l…

account_circle
NÓS(@nosmag) 's Twitter Profile Photo

I gComhairle Carad na seachtaine seo, tugann Kathryn giota grá crua amach agus “grá i gcruatan” faoi chaibidil aici. Níor mhaith libh an ceann seo a chailleadh!

nos.ie/saol/comhairle…

account_circle